GCON
Cuireadh GCON ar bun in 1995 faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Stoic Íosta Olaí Peitriliam), 1995 mar chuideachta phríobháideach theoranta chun cúltaca ola straitéiseach na hÉireann a choimeád ag leibhéal leordhóthanach. Ar mhaithe le praiticiúlacht cuireadh ar bun í mar fhochuideachta de Chorparáid Náisiúnta Pheitriliam na hÉireann Teoranta (CNPÉT).
In Iúil 2001, díoladh sócmhainní gnó agus tráchtála CNPÉT le Corparáid Tosco (ar a dtugtar ConocoPhillips anois). Níor ghlac GCON páirt san idirbheart seo. Measadh gur chuí é ina dhiaidh sin GCON a bhunú ar bhonn reachtúil mar chuideachta phríobháideach theoranta atá neamhspleách ar CNPÉT. I bpáipéar bán dar teideal “Todhchaí Fuinnimh Inbhuanaithe a Chur i gCrích d'Éirinn” (Alt 3.7.3) arna fhoilsiú ag an Rialtas i mí an Mhárta 2007, chuir siad in iúl arís a thiomanta is a bhí siad do GCON a chur ar bun mar chomhlacht reachtúil neamhspleách in 2007.
Baineadh é seo amach ar an 1 Lúnasa 2007 nuair a tugadh isteach an tAcht um an nGníomhaireacht Cúltaca Ola Náisiúnta, 2007 lenar cuireadh GCON ar bun mar chomhlacht stáit neamhspleách faoi choimirce an Aire Cumarsáide, Fuinnimh & Acmhainní Nádúrtha.
Foráiltear leis an Acht seo:
-
GCON a bheith freagrach i gcónaí as cúltaca straitéiseach ola a choimeád ag leibhéal leordhóthanach ar bhealach a thagann le hoibleagáidí stocshealbhaíochta an stáit i leith an AE agus na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta d’Fhuinnimh.
-
Scairsheilbh an CNPÉT a aistriú chuig an Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha agus foráil a dhéanamh de leanúint den Ghníomhaireachta a fheidhmiú mar chuideachta phríobháideach theoranta faoi Achtanna na gCuideachtaí;
-
Tobhach athraitheach ar dhiúscairt táirgí le gearradh ar chuideachtaí agus ar thomhaltóirí ola;
-
Tuairisceáin rialta a thabhairt don Aire maidir le ceannacháin ola, díolachán, tomhaltas, allmhairí agus onnmhairí ag cuideachtaí ola, tomhaltóirí ola agus ag GCON;
-
Monatóireacht a dhéanamh ar chloí le forálacha maidir le pionóis a chur i bhfeidhm sa chás go dteipfeadh ar chuideachtaí ola agus ar thomhaltóirí ola cloí leis na forálacha;
-
Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Stoic íosta Olaí Peitriliam), 1995 a chúlghairm agus;
-
Meabhrán agus Airteagail Chomhlachais de chuid GCON a athrú le go mbeidís ag teacht níos fearr leis an Acht.
Ar an 1 Iúil 2010, chuir GCON tús le Scéim um Oibleagáid Bhithbhreosla na hÉireann a riaradh ar theacht isteach an Achta Fuinnimh (Oibleagáid Bhithbhreosla agus Forálacha Ilghnéitheacha) 2010". Tugadh an reachtaíocht seo isteach chun éifeacht a thabhairt d’fhorálacha na Treorach ón gComhairle 2009/28/EC faoi úsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn.