top of page
ABOUT

Ráiteas Príobháideachta

Cén Aidhm atá leis an Ráiteas Príobháideachais seo?  

Tá meas ag an nGníomhaireacht Cúltaca Ola Náisiúnta (“GCON”) ar do cheart chun príobháideachais agus tá rún daingean againn d’fhaisnéis a choimeád príobháideach. Tagraíonn Ráiteas Príobháideachais de chuid GCON dár dtiomantas do chloí leis an reachtaíocht um chosaint sonraí, lena n-áirítear Achtanna um Chosaint Sonraí na hÉireann agus An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí de chuid an AE. Maidir le haon sonra pearsanta a thugann tú de do dheoin féin do GCON, caithfimid leis de réir na gcaighdeán slándála agus rúndachta is airde.

​

Cé leis a mbaineann an Ráiteas Príobháideachais seo?

Baineann an beartas seo le cuairteoirí chuig suíomh gréasáin GCON. Tá ráitis phríobháideachais ar fáil a bhaineann go sonrach le fostaithe, saineolaithe ar iasacht, conraitheoirí, soláthraithe, comhaltaí Boird agus le Scairshealbhóirí agus cuireann an Coimisinéir Cosanta Sonraí ar fáil iad do dhaoine aonair de réir mar is gá.

​

Cén sonraí atá mar chuid de?

Cuirtear an suíomh gréasáin GCON ar fáil chun críocha faisnéise. Ní bhailímid faisnéis phearsanta de chineál ar bith ónár suíomhanna gréasáin ach amháin sonraí a bhfuil gá leo chun ár suíomh a chur ar fáil duit. Aon fhaisnéis phearsanta a fhaighimid uait, ní úsáidfimid é ach amháin chun na críche ar thug tú dúinn í nó chun plé a dhéanamh leat.

​

Cad chuige go mbailímid sonraí fút?

Ní bhailímid faisnéis phearsanta uait nó fút ach amháin nuair atá gá léi chun:

·         ár suíomh gréasáin a chur ar fáil duit

·         aon eolas ábhartha atá uait bainteach le GCON a thabhairt duit

·         plé a dhéanamh leat, lena n-áirítear d’iarrataí ar fhaisnéis / fiosruithe ar chuir tú isteach iad a fhreagairt.

​

Conas a bhailíonn GCON do chuid sonraí?

Bailímid na sonraí seo ar bhealach trédhearcach agus ní bhailímid iad gan na páirtithe leasmhara a bheith go hiomlán ar an eolas faoi. Nuair atá teacht ag NORA ar an bhfaisnéis seo, baineann na rialacha seo a leanas leis. Féachaimid chuige go ndéantar na sonraí pearsanta go léir a phróiseáil de réir cosaintí eagraíochtúla agus teicniúla leordhóthanacha d’fhonn tú a chosaint.

​

Beidh na sonraí a choinnímid:

  • Cruinn agus cothrom le dáta

  • Iad bailithe go cothrom agus chun críocha dleathacha amháin

  • Próiseáilte ag GCON ar bhonn conartha bailí, toiliú, comhlíonadh dlí nó leas dlisteanach

  • Cosanta ar aon rochtain neamhúdaraithe nó ar aon phróiseáil mhídhleathach ag páirtithe inmheánacha nó seachtracha.

​

Maidir lenár gcuid sonraí:

  • ní roinnfear iad le haon pháirtí neamhúdaraithe inmheánach nó seachtrach.

  • ní stórálfar iad ar feadh tréimhse níos faide ná an tréimhse shainithe

  • ní aistreofar iad chuig eagraíochtaí, stáit, nó tíortha lasmuigh den limistéar Eorpach Eacnamaíoch gan cosaintí leordhóthanacha a bheith curtha i bhfeidhm de réir mar a cheanglaítear faoin Dlí um Chosaint Sonraí.

​

Sa chás go bhfuil toiliú de dhíth mar bhonn chun aon sonra pearsanta a phróiseáil, tabharfar rogha duit aontú nó easaontú le bailiú, úsáid nó nochtadh do chuid sonraí pearsanta. Tar éis toiliú a fháil, is féidir é a tharraingt siar ag am ar bith.

​

Cad iad na 7 bprionsabal lena gcloímid?

  • Dleathach, Cothrom agus Trédhearcach - lena chinntiú go bhfaightear agus go bpróiseáiltear sonraí pearsanta ar bhealach bailí.

  • Srian a Chur leis an gCuspóir - féachaint chuige go gcoinnítear sonraí chun críoch amháin nó níos mó agus an críoch/na críocha sin sonraithe, sainráite agus dleathach

  • Cruinneas Sonraí - féachaint chuige gur cruinn, iomlán agus cothrom le dáta iad na sonraí a bhailítear

  • Íoslaghdú Sonraí - féachaint chuige gur leor na sonraí a bhailítear, go mbaineann siad le hábhar agus nach mbailítear an iomad díobh

  • Srian a chur ar Stóráil - féachaint chuige nach gcoimeádtar sonraí pearsanta ar feadh tréimhse níos faide ná is gá.

  • Ionracas agus Rúndacht - sábháilteacht & slándáil sonraí a chinntiú

  • Cuntasacht - féachaint chuige go gcoinnítear taifid chruinne

​

Cé leo a roinnimid do chuid sonraí?

Seans go ndéanfaidh eagraíochtaí eile do chuid faisnéise pearsanta a phróiseáil thar ár gceann chun na gcríoch a leagadh amach thuas. Seans go nochtfaimid do chuid faisnéise le:

  • Fostaithe eile, an Coimisiún um Chosaint Sonraí, comhairleoirí AD nó gníomhaireachtaí Earcaíochta, soláthraithe TF, Ranna Rialtais.

​

Seans go mbeidh cuid de na páirtithe seo lonnaithe lasmuigh de Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (limistéar a chuimsíonn faoi láthair Ballstáit an Aontais Eorpaigh in éineacht leis an Iorua, an Íoslainn, agus Lichtinstéin). Má dhéanfaimid amhlaidh, caithfear le do chuid faisnéise de réir na gcaighdeán céanna lena gcaitear leis in Éirinn. Seans go nochtfaimid do chuid faisnéise freisin chun coireacht a chosc agus a bhrath agus chun leasanna GCON nó daoine eile a chosaint, nó má tá ceangal orainn de réir dlí nó iarratas ceangailteach eile a leithéid a dhéanamh.

​

Conas a dhéanaimid do chuid sonraí a chosaint

Féachaimid GCON go ndéantar na sonraí pearsanta go léir a phróiseáil de réir cosaintí eagraíochtúla agus teicniúla leordhóthanacha d’fhonn tú a chosaint. Gealltanas GCON chun do chuid sonraí a chosaint:

  • srian a chur le sonraí íogaire agus monatóireacht a dhéanamh orthu

  • Nósanna imeachta trédhearcacha a fhorbairt i leith bailiú sonraí

  • Oiliúint ar chur ar fhostaithe maidir le cosaint sonraí agus bearta slándála

  • Líonraí slána a thógáil chun sonraí ar líne a chosaint ar chibirionsaithe

  • Nósanna imeachta soiléire a chur ar bun i leith sáruithe ar phríobháideachas agus mí-úsáid sonraí

  • Clásail chonartha a chur leis nó ráitis a eisiúint ina dtugtar cuntas ar cén chaoi a bpléitear le sonraí

  • Cleachtais um Chosaint Sonraí a chur i bhfeidhm (stialladh doiciméad, glais dhaingne, criptiú sonraí, cúltacaí a dhéanamh go minic, údarú rochtana srl.).

​

Cad é an bunús dlí ar a gcoinnítear do chuid sonraí?

Bailímid do chuid sonraí ar an mbunús dlí seo a leanas:

​

  • Toiliú - más rud é gur thoiligh tú go sainráite gur féidir linn do chuid faisnéise a phróiseáil chun críche sonraithe amhail toiliú go sainráite gur ceadmhach dúinn aon chatagóir speisialta sonraí fútsa a phróiseáil

  • Conradh– más amhlaidh go bhfuil tú tar éis conradh a dhéanamh linn agus tá gá le próiseáil chun an tseirbhís seo a chur i gcrích

  • Comhlíonadh - caithfear próiseáil a dhéanamh le hoibleagáid dhlíthiúil atá againn a chomhlíonadh amhail taifid a choinneáil chun críocha ioncaim nó cánach nó faisnéis a sholáthar do chomhlacht poiblí nó do ghníomhaireacht forfheidhmithe dlí. Seans go mbeidh orainn sonraí áirithe a phróiseáil d’fhonn ár gcuid oibleagáidí faoi dhlí fostaíochta, slándála sóisialaí nó coimirce sóisialta a chomhlíonadh; is den riachtanas é an phróiseáil seo a dhéanamh chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint. 

  • Leas dlisteanach - Tá gá le próiseáil a dhéanamh chun críocha leasa dhlisteanaigh atáimid ag gabháil dó ar mhaithe le sábháilteacht agus slándáil ár bhfostaithe, ár maoine, foirgnimh, agus pé faisnéis atá lonnaithe nó stóráilte san áitreabh a chosaint, chomh maith lenár sócmhainní a chosaint agus sócmhainní a bhaineann le soláthraithe seirbhíse, sainchomhairleoirí, agus comhairleoirí a chuidíonn linn chun feidhmeanna bainteach leis seo a dhéanamh.

  • Lena chinntiú go ndéileáiltear go héifeachtach le géaráin, chun calaois a chosc, agus chun tú a choimeád ar an eolas faoi fhaisnéis áirithe.

​

Iarmhairtí Smachta

Caithfear cloí go docht le gach prionsabal a leagtar amach sa bheartas seo. Má sháraítear treoirlínte um chosaint sonraí ní bheidh an dara rogha ach imeachtaí smachta a agairt agus caingean dlí a thionscnamh b’fhéidir.

Sa chás go bhfuil an bunús dlí ar an ndéantar do chuid sonraí pearsanta a phróiseáil bunaithe ar cheanglas reachtúil nó conarthach, seans nach mbeimis in ann seirbhísí a fháil uait gan an fhaisnéis sin.

​

Cá fhad ar féidir linn do chuid sonraí pearsanta a choinneáil?

Ní choinneoimid sonraí pearsanta ach ar feadh na tréimhse ama is gá chun na gcríoch dár bailíodh iad a chur i gcrích, mar a cheanglaítear leis an dlí nó an treoir rialála a bhfuilimid faoi réir nó chun aon ghníomhartha dlíthiúla a chosaint.

​

Cad iad na cearta atá agat?

I.I An Ceart go nDéanfaí Léirscriosadh

Cathain a bheidh sé de cheart agam éileamh ar GCON mo chuid sonraí pearsanta a scriosadh?

Tá sé de cheart agat a iarraidh go scriosfaí do shonraí pearsanta gan mhoill mhíchuí más rud é:

  • nach bhfuil gá a thuilleadh leis na sonraí pearsanta i dtaca leis an gcuspóir / na cuspóirí dár bailíodh / próiseáladh iad

  • go bhfuil toiliú á tharraingt siar agat agus más amhlaidh nach bhfuil aon fhoras dlíthiúil ann ar ar féidir an próiseáil a dhéanamh

  • go bhfuil tú ag cur i gcoinne próiseála agus nach bhfuil aon fhoras sáraitheach dlisteanach ann ar ar féidir an phróiseáil a dhéanamh

  • Próiseáladh na sonraí pearsanta go neamhdhleathach

  • Caithfear na sonraí pearsanta a scriosadh le go mbeadh GCON i gcomhréir le hoibleagáid dhlíthiúil

  • gur bailíodh na sonraí pearsanta i ndáil le seirbhísí na sochaí faisnéise a thairiscint le leanbh.

​

Cad a tharlódh dá gcuirfeadh GCON mo chuid sonraí pearsanta ar fáil don phobal?

Más amhlaidh gur chuireamar do chuid sonraí pearsanta ar fáil don phobal, ag brath ar an teicneolaíocht atá ar fáil agus ar an gcostas a bhainfeadh leis an scéal a leigheas, déanfaimid gach beart réasúnach, bearta teicniúla san áireamh, chun iad siúd atá ag próiseáil do chuid sonraí pearsanta a chur ar an eolas gur iarr tú go scriosfaí iad.

​

Cad a tharlóidh má tá GCON tar éis mo chuid sonraí pearsanta a roinnt le tríú páirtithe?

Sa chás gur nochtamar do chuid sonraí pearsanta do thríú páirtithe, cuirfimid ar a súile dóibh gur iarr tú go scriosfaí iad nuair is féidir. Deimhneoimid duit freisin sonraí na dtríú páirtithe ábhartha ar thugamar na sonraí dóibh nuair is cuí.

 

I.II   An Ceart chun Iniomparthacht Sonraí

Cathain is féidir liom mo chuid sonraí pearsanta a fháil i bhformáid atá inléite ag meaisín?

Gheobhaidh tú na sonraí pearsanta a bhaineann leat i bhformáid struchtúrtha, a úsáidtear go coitianta í, agus atá inléite ag meaisín más rud é:

  • go bhfuil an phróiseáil bunaithe ar thoiliú nó ar chonradh

  • go ndéantar an phróiseáil trí mhodhanna uathoibrithe.

​

An n-aistreodh GCON mo chuid sonraí pearsanta chuig soláthraí seirbhíse eile dá n-iarrfainn é?

Is féidir linn na sonraí seo a aistriú chuig do rogha cuideachta ach treoir i scríbhinn a fháil uait chuige sin ar choinníoll go bhfuil sé indéanta go teicniúil agus ag cur san áireamh an teicneolaíocht atá ar fáil agus cé acu an mbeadh nó nach mbeadh costas réasúnta ag baint leis an aistriú i gcomparáid le luach na seirbhíse a sholáthraímid duit.

​

Cé na himthosca faoinar bhféidir le GCON diúltú?

Ní bheidh tú in ann do chuid sonraí pearsanta a fháil, nó a aistriú i bhformáid inléite ag meaisín, más ar mhaithe leis an bpobal atá an fhaisnéis seo á próiseáil againn nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe dúinn.

​

An dtabharfaidh GCON mo chuid sonraí pearsanta dom sa chás go bhfuil sonraí a bhaineann le daoine eile sa chomhad?

Ní thugaimid duit ach do chuid sonraí pearsanta féin ar mhaithe le cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint. Má thiteann sé amach go bhfuil sonraí pearsanta duine eile sna comhaid chéanna ina bhfuil do chuid sonraí pearsanta, déanfaimid na sonraí ar fad a bhaineann leis an duine eile a cheilt. Téigh i dteagmháil linn ag dpo@nora.ie.

​

I.III  An Ceart chun Cinnteoireachta Aonair Uathoibrithe, Próifíliú san Áireamh

Cad iad na cearta atá agam chun Cinnteoireachta Aonair Uathoibrithe?

Níl aon nósanna imeachta cinnteoireachta aonair uathoibrithe ag GCON. Sa chás go dtabharfar isteach aon phróisis den sórt sin, cuirfidh GCON an t-eolas ábhartha ar fáil duit a éilítear faoin “Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí”.

​

I.IV an Ceart Chun Agóid a Dhéanamh

Ar cuireadh ar an eolas mé roimhe seo faoi mo cheart chun agóid a dhéanamh?

Chuireamar ar an eolas thú faoin gceart atá agat agóid a dhéanamh sula mbaileoimid sonra pearsanta ar bith fút mar a luaitear inár bhfógra príobháideachais.

​

Cathain is féidir liom diúltú do GCON mo chuid sonraí pearsanta a phróiseáil?

Féadann tú diúltú ar fhorais a bhaineann le do chás-sa.

Scoirfidh GCON de do chuid sonraí pearsanta a phróiseáil ach amháin:

  • más féidir linn forais dhlisteanacha láidre a léiriú gur cheart an phróiseáil a dhéanamh, forais a sháraíonn do chuid leasanna, cearta agus saoirsí

  • más gá an phróiseáil a dhéanamh chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint.

 

Cad iad na cearta atá agat diúltú más chun críocha margaíochta dírí a dhéanfar an phróiseáil?

Sa chás go ndéantar do chuid sonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha margaíochta dírí, tá sé de cheart agat diúltú ag am ar bith do phróiseáil sonraí pearsanta fútsa má tá sé i gceist a leithéid a dhéanamh chun críocha margaíochta, próifíliú san áireamh, chomh fada agus a bhaineann sé le margaíocht dhíreach den sórt sin.

Sa chás go ndiúltaíonn tú do phróiseáil chun críocha na margaíochta dírí, ní dhéanfaimid na sonraí seo a phróiseáil chun na gcríoch sin.

​

Cad iad na cearta atá agam chun diúltú i gcás úsáid a bhaineann le seirbhísí na sochaí faisnéise?

I gcomhthéacs úsáid seirbhísí na sochaí faisnéise, is féidir leat do cheart a fheidhmiú chun diúltú do mhodhanna uathoibrithe a bhaineann leas as sonraíochtaí teicniúla. Téigh i dteagmháil linn ag dpo@nora.ie.

​

I.V An Ceart go gCuirfí Srian le Próiseáil

Cathain is féidir liom srian a chur ar phróiseáil?

Féadann tú srian a chur ar phróiseáil do chuid sonraí pearsanta:

  • fad is atáimid ag iarraidh a dheimhniú gur cruinn iad sonraí pearsanta fútsa a mhaíonn tú gur neamhchruinn iad

  • má roghnaíonn tú próiseáil shrianta seachas scriosadh sa chás go mbeadh próiseáil neamhdhleathach

  • más amhlaidh nach bhfuil gá againn a thuilleadh leis na sonraí pearsanta chun na críche bunaidh ach go bhfuil ceangal orainn na sonraí pearsanta a choinneáil chun éilimh dhlíthiúla a chosaint

  • Sa chás gur chuir tú i gcoinne na próiseála (sa chás go raibh sé riachtanach chun tasc ar mhaithe le leas an phobail a dhéanamh nó chun críche leasanna dlisteanacha), agus tá ár machnamh á dhéanamh againn faoi cé acu a sháraíonn nó nach sáraíonn ár bhforais dhlisteanacha.

​

Cuir i gcás gur thug GCON mo chuid sonraí pearsanta chuig tríú páirtithe?

Más rud é gur nochtamar do chuid sonraí pearsanta do thríú páirtithe, cuirfimid in iúl dóibh go bhfuil srian curtha ar iad a phróiseáil, ach amháin más amhlaidh go mbeadh sé dodhéanta a leithéid a dhéanamh nó go mbeadh an iomarca dua ag baint leis.

​

Conas a bheidh a fhios agam go bhfuil GCON agus/nó tríú páirtithe ábhartha tar éis deireadh a chur leis an srian?

Cuirfimid daoine ar an eolas faoi ar bhonn aonair nuair a chuirtear deireadh le srian ar phróiseáil.

Téigh i dteagmháil linn ag dpo@nora.ie.

​

I.VI Beartas um Cheart Chun Ceartú

Cad is féidir liom a dhéanamh má tá sonraí pearsanta fúmsa á gcoinneáil ag GCON atá mícheart?

Sa chás go bhfuil amhras ort go bhfuil na sonraí atá againn fút míchruinn, déanfaimid aon mhíchruinneas a cheartú gan mhoill mhíchuí ach é sin a iarraidh agus tabharfaimid deimhniú duit go ndearnadh amhlaidh.

​

Cad a tharlóidh má tá GCON tar éis mo chuid sonraí pearsanta a roinnt le tríú páirtithe?

Sa chás gur nochtamar sonraí pearsanta fút do thríú páirtithe a bhí míchruinn, cuirfimid ar an eolas iad faoi sin agus iarrfaimid dearbhú uathu gur cheartaigh siad iad. Tabharfaimid sonraí na dtríú páirtithe duit ar thugamar do chuid sonraí pearsanta dóibh. Téigh i dteagmháil linn ag dpo@nora.ie.

​

I.VII Ceart chun Toiliú a Tharraingt Siar

Cad iad na imthosca inár féidir liom toiliú a tharraingt siar?

Tá sé de cheart agat do thoiliú a tharraingt siar más ar bhonn do thoilithe atá sonraí pearsanta fútsa á bpróiseáil againn.

​

Cathain is féidir liom toiliú a tharraingt siar?

Féadann tú toiliú a tharraingt siar am ar bith.

​

Má tharraingím mo thoiliú siar cad a tharlóidh do mo chuid sonraí reatha?

Scoirfear d’aon phróiseáil bunaithe ar do thoiliú a luaithe agus a tharraingítear siar an toiliú sin.  Ní dhéanfaidh d’aistarraingt difear d'aon phróiseáil sonraí pearsanta ar siúl roimh do thoiliú a tharraingt siar, nó aon phróiseáil nach bhfuil bunaithe ar do thoiliú. Téigh i dteagmháil linn ag dpo@nora.ie

​

I.VIII An Ceart chun Gearán a Thaisceadh

An bhfuil cead agam gearán a thaisceadh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí?

Tá sé de rogha agat gearán a thaisceadh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí i ndáil le haon phróiseáil a dhéanann GCON nó a dhéantar thar a cheann ar shonraí pearsanta a bhaineann leat.

​

Conas is féidir liom gearán a thaisceadh?

Tá sé chomh héasca lena bhfaca tú riamh gearán a dhéanamh agus tá sé saor in aisce leis. Níl le déanamh agat ach scríobh chuig an gCoimisiún um Chosaint Sonraí agus cuntas a thabhairt faoin ábhar. Pé eagraíocht nó duine aonair a bhfuil tú ag gearán faoi ba cheart duit iad a shainaithint go soiléir. Ba cheart duit cuntas a thabhairt freisin ar na bearta a rinne tú le deis a thabhairt don eagraíocht déileáil le d’ábhar imní, agus cén freagra a fuair tú uathu. Tabhair cóipeanna de litreacha idir tú agus an eagraíocht mar aon le fianaise / ábhar tacaíochta.

​

Cad a tharlóidh tar éis dom gearán a dhéanamh?

Déanfaidh An Coimisiún um Chosaint Sonraí an scéal a fhiosrú le GCON thar do cheann.

​

I.IX    Beartas um Cheart ar Rochtain

Cathain atá sé de cheart agam mo chuid sonraí pearsanta a fháil ó GCON?

Sa chás go bpróiseálann GCON aon sonraí pearsanta a bhaineann leat, tá sé de cheart agat deimhniú a fháil uainn, agus rochtain a bheith agat ar do chuid sonraí.

​

Cén fhaisnéis a chuirfidh GCON ar fáil dom?

Má tá sonraí pearsanta bainteach leat á bpróiseáil againn, tá sé de cheart agat rochtain a fháil ar chóip dé pé sonraí pearsanta den sórt sin bainteach leat atá próiseáilte againn. Ach í a iarraidh, cuirfimid aon fhaisnéis den sórt seo ar fáil:

  • an chúis a bhfuil do shonraí pearsanta á bpróiseáil againn

  • na cineálacha sonraí pearsanta atá i gceist

  • Na tríú páirtithe nó catagóirí de thríú páirtithe a nochtadh nó a nochtfar na sonraí pearsanta dóibh. Cuirfimid ar an eolas thú má tá aon cheann de na tríú páirtithe lonnaithe lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) nó más eagraíochtaí idirnáisiúnta iad

  • cén chaoi a ndéantar do shonraí pearsanta a chosaint sa chás go gcuirfimid do shonraí pearsanta ar aghaidh chuig áit lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó d'eagraíocht idirnáisiúnta

  • an fad ama ina gcoinneoimid do chuid sonraí nó, mura féidir é sin a thabhairt, na critéar a úsáidfear chun an tréimhse sin a shocrú

​​

do chearta:

  • a iarraidh go ndéanfaí athrú/athruithe ar shonraí pearsanta neamhchruinne atá á gcoinneáil againn

  • a iarraidh go scriosfaí do shonraí pearsanta ar gach ceann dár gcóras

  • a iarraidh go gcuirfí srian ar shonraí pearsanta bainteach leat a phróiseáil

  • chun cur i gcoinne próiseáil den sórt seo

  • chun iniomparthachta sonraí

  • do cheart chun gearán a thaisceadh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí info@dataprotection.ie

  • sa chás gur bhailíomar do shonraí pearsanta ó thríú páirtí, tugaimid cuntas duit faoin bhfoinse óna bhfuaireamar do shonraí pearsanta

​

Cén fhad a thógfadh sé chun mo shonraí pearsanta a fháil ó GCON?

Tabharfaimid cóip duit de na sonraí pearsanta atá á bpróiseáil againn faoi láthair faoi cheann aon mhí amháin d’iarraidh a fháil. Corruair nuair nach bhféidir linn na sonraí a thabhairt duit laistigh de mhí amháin, cuirfimid teachtaireacht chugat, laistigh de 10 lá ón tráth a fuarthas d’iarratas, ina dtugtar an chúis taobh thiar den mhoill agus glacfaimid orainn féin déanamh de réir d’iarrata laistigh de dhá mhí eile.

​

Cé mhéad a chosnóidh sé orm mo chuid sonraí pearsanta a fháil?

Ní ghearrfaimid táille ar do shonraí pearsanta a chur ar fáil ach amháin más dóigh linn go bhfuil an t-iarratas iomarcach agus go mbeadh costas i bhfad níos mó ag baint le do chuid sonraí a chur ar fáil ná an luach a bhaineann leis na seirbhísí a chuirimidne ar fáil duit.

​

An féidir liom cóipeanna breise de mo shonraí pearsanta a iarraidh?

Má tá cóipeanna breise uait, beidh orainn €20 a ghearradh ort le híoc as costais riaracháin.

​

An féidir liom mo shonraí pearsanta a fháil go leictreonach?

Féadann tú do shonraí pearsanta a iarraidh trí mhodhanna leictreonacha, agus cuirfimid do shonraí pearsanta ar fáil i bhfoirm leictreonach a úsáidtear go coitianta más indéanta sin go teicniúil.

​

Cad a dhéanfaidh GCON má chuirtear sonraí pearsanta duine eile ar fáil in éineacht le mo shonraí pearsanta?

Ní thugaimid duit ach do chuid sonraí pearsanta féin ar mhaithe le cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint. Má thiteann sé amach go bhfuil sonraí pearsanta duine eile sna comhaid chéanna ina bhfuil do chuid sonraí pearsanta, déanfaimid na sonraí ar fad a bhaineann leis an duine eile a cheilt. Téigh i dteagmháil linn ag dpo@nora.ie

 

Leanfaidh GCON d’athbhreithniú a dhéanamh ar éifeachtacht an bheartais seo lena chinntiú uair sa bhliain ar a laghad go bhfuil na cuspóirí a leagadh síos dó á mbaint amach aige agus níos minice ná sin más gá sa chás go n-athraíonn an dlí nó go dtagann athruithe eagraíochtúla nó slándála i bhfeidhm.

bottom of page