top of page
ABOUT

Inrochtaineacht

Ráiteas um thiomantas

Ní sholáthraíonn an Ghníomhaireacht Cúltaca Ola Náisiúnta (NORA) seirbhísí don phobal, é sin ráite, tá NORA tiomanta dá suíomh a chur ar fáil i gcomhréir le I.R. 358/2020 - Rialacháin an Aontais Eorpaigh 2020 (Inrochtaineacht ar Shuíomhanna Gréasáin agus Feidhmchláir Mhóibíleacha Comhlachtaí san Earnáil Phoiblí). Baineann an ráiteas inrochtaineachta le NORA.ie.

 

​

Stádas Comhlíontachta

Tá NORA.ie páirt-chomhlíontach agus leanfaidh sé ar aghaidh ag obair i dtreo comhlíontachta.

 

​

Ábhar neamh-inrochtana

  • Tá cuntais in easnamh nó neamhchríochnaithe ag roinnt íomhánna.

  • Ní fhéadtar clib a chur ar roinnt táblaí ná ábhar i gceart.

  • D’fhéadfadh sé tarlú nach mbeidh faisnéis i roinnt formáidí comhaid a foilsíodh i ndiaidh 23 Meán Fómhair 2018 inrochtana go hiomlán do bhogearraí léitheoirí scáileáin.

 

​

Ábhar díolmhaithe

PDFanna, Doiciméid Word ná aon fhormáid chomhaid oifige eile a foilsíodh roimh an 23 Meán Fómhair 2018.

 

​

Comhréireacht le treoirlínte inrochtana oifigiúla

Ní dhearnadh iniúchóireacht ar an suíomh gréasáin de réir Treoirlínte um Inrochtaineacht Ábhar Gréasáin (WCAG) 2.0.

 

​

Conas is féidir linn inrochtaineacht ar NORA.ie a fheabhsú

Tuigimid go bhfuil áiteanna ar ár suíomh gréasáin ina bhféadfaimis an inrochtaineacht a fheabhsú agus táimid ag oibriú i láthair na huaire chun é seo a bhaint amach.

​

​

Aischothú agus eolas teagmhála

Má tá aischothú nó gearán ar bith agat faoin inrochtaineacht ar ábhair a úsáidtear ar an NORA, téigh i dteagmháil linn ar 01 6769390 nó seol ríomhphost go dtí enquiries@nora.ie.

 

​

Géarú gearáin

Mura bhfuil tú sásta le freagra NORA, féadfar leat gearán a dhéanamh leis an Ombudsman faoin Acht um Míchumas.

 

6 Ardán Phort an Iarla

Baile Átha Cliath 2

D02 W773

 

Ríomhphost: complaints@ombudsman.ie

Fón: +353 (0)1 639 5600

 

 

 

Uasdátaíodh an ráiteas seo den uair is déanaí ar an 12 Bealtaine 2023.

bottom of page