Stoic Ola Éigeandála
Comhlíonann NORA a oibleagáid stocsheilbh ola trí mheascán de na nithe seo a leanas:
-
Stoic ar le NORA iad agus atá stóráilte in Éirinn agus i mBallstáit eile an AE a bhfuil Comhaontú Déthaobhach Stoic Ola tugtha i gcrích ag Éirinn leo.
-
Stoic arna sealbhú ag NORA faoi chonarthaí tráchtála gearrthéarmacha ("Ticéid Stoic") in Éirinn agus i mBallstáit eile an AE a bhfuil Comhaontú Déthaobhach Stoic Ola tugtha i gcrích ag Éirinn leo. Áirítear leis na conarthaí sin rogha an ola a cheannach i gcúinsí éigeandála le linn thréimhse an chonartha.
Cinneann an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide (DECC) méideanna na stoc ola atá le coinneáil ag NORA ar bhonn bliantúil.
Is é an t-íosleibhéal stoic atá le coinneáil ag NORA do 2022 faoi láthair
-
1,486,900 tona de tháirge scagtha, agus
-
70,000 tona Amhola.
Is ionann é seo agus stoic 90 lá.
Tá mionsonraí ar Imleabhair Oibleagáide stairiúla NORA le fáil sa doiciméad a ghabhann leis seo.

Múnla Eisiúna Éigeandála
Prótacal NORA i gcás cur isteach ar an soláthar ola.

Suímh Stoc Ola
Áiseanna stórála NORA in Éirinn.

Ceisteanna Coitianta
Fiosrúcháin choitianta a rinneadh le NORA.

Múnla Eisiúna Éigeandála
Prótacal NORA i gcás cur isteach ar an soláthar ola.

Méid Tomhaltas Ola
Staitisticí ar Mhéid Tomhaltais Ola